An Seisiún

Tráthnóna, craolfar an chéad chlár i sraith nua den Seisiún.  Sna cláracha seo, cuirtear triúr ceoltóirí le chéile i stiúideo taifeadta ar feadh 12 uair an chloig agus é de rún acu trí amhrán nua i nGaeilge a scríobh agus a thaifeadadh sa tréimhse ama sin.  Cloisfidh an lucht éisteachta na grúpaí i mbun oibre, agus mar a éiríonn leo teacht le chéile chun an sprioc a bhaint amach.  Is é Cian Mac Cárthaigh a chuirfidh an tsraith i láthair, agus inniu, sa chéad chlár, cloisfidh muid Eve Belle, Neil Ó Briain agus Karen Cowley (Krea) ag obair le chéile sa stiúideo.  Is as Tír Chonaill d’Eve Belle, amhránaí agus cumadóir ceoil.  Foilsíodh a céad albam, In Between Moments, ar lipéad Rubyworks i 2020.  Is giotáraí agus cumadóir é Neil Ó Briain as Corcaigh, agus d’eisigh sé a dhara albam sa bhliain 2021.  Is baill den ghrúpa Wyvern Lingo í Karen Cowley, agus d’eisigh sí a céad singil aonair sa bhliain 2022 faoin ainm Krea.  Tá coincheap ‘An Seisiún’ bunaithe ar an tsraith Sesiwn UNNOS a craoladh ar BBC Radio Cymru. Tá an tsraith seo arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid den scéim Fuaim & Fís.

Tune in this evening for the first programme in a new series of An Seisiún, an innovative programme which sees three musicians thrown together in a recording studio, tasked with writing and recording three new songs in Irish over a twelve-hour period.  The programme follows the musicians throughout the session, and gives listeners a glimpse into the creative process, and the collaborative energy that results in three brand new pieces of music.  The series is presented by Cian Mac Cárthaigh, and kicks off today with Eve Belle, Neil Ó Briain and Karen Cowley (Krea).  Eve is a singer songwriter from the Donegal Gaeltacht, who released her first album In Between Moments on the Rubyworks label in 2020.  Neil Ó Briain is a composer and arranger for acoustic guitar from Cork, who released his second album in 2021.  Karen Cowley is a member of Wyvern Lingo, and released her debut solo single in 2022 under the moniker Krea.    An Seisiún is based on the Sesiwn UNNOS series on BBC Radio Cymru and is funded through the BAI Sound & Vision scheme with money from the television licence. 



An Seisiún - 1st episode Karen Cowley, Eve Belle, Neil Ó Briain
An Seisiún – 1st episode Karen Cowley, Eve Belle, Neil Ó Briain
NEIL Ó BRIAIN
NEIL Ó BRIAIN
Karen Cowley
Karen Cowley
EVE BELLE
EVE BELLE