Tús Áite

Beidh Tús Áite ag craoladh beo ó Ionad Pobail Bhaile Formaid inniu. Is é Fachtna Ó Drisceoil a chuirfidh an clár i láthair, agus beidh painéal ina theannta chun cuid de na deacrachtaí atá sa cheantar a phlé, agus na roghanna atá ann le dul i ngleic leo.  Ar an bpainéal inniu, beidh an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, an Comhairleoir Hazel de Nortún, Pobal Seachas Brabús, an Comhairleoir Dáithí de Róiste, Fianna Fáil, agus Cathaoirleach St. Ultan’s Campus Ruairí McGinley.  Pléifear an ghéarchéim tithíochta, fadhb na ndrugaí, iompar frithshóisialta, agus deacrachtaí eile, agus cloisfimid ionchur agus moltaí ón bpobal áitiúil faoi bhealaí go bhféadfaí dul i ngleic leo.

Today, Tús Áite will be broadcasting live from the Ballyfermot Community Civic Centre.  Presenter Fachtna Ó Drisceoil will be joined by a panel of local and national representatives to discuss some of the challenges in the area at the moment, and how to improve the situation.  Panelists will include Aengus Ó Snodaigh TD, Sinn Féin, Councillor Hazel de Nortún, People Before Profit, Councillor Dáithí de Róiste, Fianna Fáil, and Chairperson of St. Ultan’s Campus Ruairí McGinley.  They’ll discuss various issues including the housing crisis, drugs, antisocial behaviour, and we’ll hear contributions and recommendations from the community on how to tackle them.

Fachtna Ó Drisceoil
Fachtna Ó Drisceoil
Fachtna Ó Drisceoil
Fachtna Ó Drisceoil