Bladhaire

Beidh Bladhaire ag craoladh beo ó Ard Oifig Ghael Linn ar Shráid an Dáma inniu do chlár speisialta a dhéanfaidh ceiliúradh ar obair agus ar shaothar ceoil Ghael Linn agus iad 70 bliain ar an bhfód i mbliana.  Beidh Áine Ní Bhreisleáin i mbun comhrá leis an bpoc é féin, Seán Ó Sé, agus beidh cúpla amhrán againn uaidh.  Beidh ceol beo le cloisteáil freisin ó IMLÉ agus Róisín Seoighe, An Chéad Ghlúin Eile agus Sadhbh Rosenstock.  Beidh iar-fhostaithe na heagraíochta agus daoine eile a bhí agus a raibh baint mhór acu leis, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le hÁine, ina measc Seán Ó Ceallaigh, Áine Hensey, Antoin Delap agus Pádhraic Ó Ciardha, agus beidh sí ag comhrá freisin le baill den fhoireann atá leo faoi láthair.  Beidh Riobard Mac Góráin á thabhairt chun cuimhne, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta i 1953, agus beidh Louis Marcus ag caint ar scannáin Ghael Linn.  É sin agus go leor eile beo ón ardchathair inniu.

Today, Bladhaire will have a very special programme live from the offices of Gael Linn in Dublin, as part of the organisation’s 70th birthday celebrations.  Gael Linn was founded in 1953 and played a vital role, initially, in the revival of Irish, as well as the promotion and development of the language and culture since.  Today, Áine Ní Bhreisleáin and team will bring us live music with Seán Ó Sé, An Chéad Ghlúin Eile, IMLÉ and Róisín Seoighe, and Sadhbh Rosenstock.  We’ll hear interviews with past staff and others connected with the organisation, including Seán Ó Ceallaigh, Áine Hensey, Antoin Delap and Pádhraic Ó Ciardha, as well as current staff.  Founder member Riobard Mac Góráin will be remembered, and Louis Marcus will discuss Gael Linn’s film output.  That and lots more, live from Dublin.


Dónall Ó Móráin

Dónall Ó Móráin
Bingo Gael Linn i 1963

Bingo Gael Linn i 1963
The group Sparoi - winners of Siansa Gael Linn 2009
The group Sparoi – winners of Siansa Gael Linn 2009
Riobard Mac Góráin
Riobard Mac Góráin
Áine Ní Bhreisleáin
Áine Ní Bhreisleáin
Áine Ní Bhreisleáin