Iris Aniar

Beidh Máire-Bríd Ní Chualáin agus criú Iris Aniar ag craoladh beo ó Sheanscoil Sailearna in Indreabhán inniu, áit a mbeidhCraobh Réigiúnach Chlár na gComhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta ar bun.  Tá sé mar aidhm ag an gcomórtas seo fiontraíocht a spreagadh sna daltaí, agus scileanna gnó a mhúineadh dóibh, agus bíonn daltaí idirbhliana ó cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre páirteach ann.  Déanfaidh na daltaí cur síos do Mháire-Bríd inniu ar na tograí atá idir lámha acu.  Is iad na scoileanna a bheidh páirteach Coláiste Ghobnait in Inis Oírr, Coláiste Naomh Feichín i gCorr na Móna, Coláiste Naomh Éinne in Árainn, Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna agus Coláiste Cholmcille in Indreabhán.  Rachaidh buaiteoirí an lae inniu ar aghaidh go dtí an chraobh náisiúnta.

Máire-Bríd Ní Chualáin and the Iris Aniar team will be broadcasting live from Seanscoil Sailearna today in Indreabhán, where the Galway Regional Final of Clár na gComhlachtaí, the Údarás na Gaeltachta Student Enterprise Programme, will be taking place.  Pupils from Gaeltacht areas across the country took part in the initiative, which challenges transition year students to start their own businesses, and aims to inspire entrepreneurship.   Máire-Bríd will meet the students from six schools in the Galway Regional Final to learn about the companies they set up, the products they have created, and their business plans.  The schools are Coláiste Ghobnait, Coláiste Naomh Feichín, Coláiste Naomh Éinne, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, Scoil Phobail Mhic Dara and Coláiste Cholmcille.  The winners from today will go on to the national finals.

Winners 2022 Clár na gComhlachtaí
Students from Scoil Phobail Mhic Dara win Údarás na Gaeltachta’s Student Enterprise Programme National Final. Stephen Breathnach, Ciara Ní Chualáin, Ciara Ní Mhaoilchiaráin, Dara Ó Cualáin Clíona Ní Dhuinn at the Údarás na Gaeltachta Clár na gComhlachtaí 2022 National Final which took place in the Connemara Coast Hotel in Na Forbacha, Co. Galway. Photo:Andrew Downes, xposure.