Beidh clár an lae inniu sa tsraith seo faoi fhorbairt stát na hÉireann ag díriú ar chúrsaí gnó na tíre, agus na dúshláin a bhain agus a bhaineann leo do thaidhleoirí an stáit. Beidh an t-iar ambasadóir Donal Hammill ag cur síos ar na dúshláin a bhain le cur chun cinn gnó na hÉireann i bPoblacht na Seice sa chlár, agus labharfaidh Noel Fahy ar na dúshláin a bhain le galar na bó mire, agus an cliseadh eacnamaíochta domhanda, óna thaithí siúd ar na tréimhsí sin. Beidh plé painéil ar an gclár faoin ábhar leis an Dr Emer Ní Bhrádaigh, Ollamh Cúnta le Fiontraíocht i Fiontar agus Scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Atha Cliath, Feargal Ó Móráin, a chaith blianta fada ag obair leis an Údarás Forbairt Tionscail agus le Fiontraíocht Éireann, agus an tOllamh Seán Ó Riain ó Roinn na Socheolaíochta in Ollscoil Mhá Nuad. Is iad Scun Scan Productions a léirigh an clár seo, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail a chuirfidh an clár i láthair.
Today, this series on the development of the Irish state will be focused on economic and business matters and the challenges associated with them for the state over the years. We’ll hear from former ambassador Donal Hammill about the challenges or promoting Irish businesses in the Czech Republic. Noel Fahy will discuss his experience of the challenges of the BSE crisis, and the world economic recession. A panel discussion will look at the broader questions and challenges for the state on this issue. Panelists will include Dr Emer Ní Bhrádaigh, from Fiontar and Scoil na Gaeilge in DCU, Feargal Ó Móráin, who spent many years with the IDA and Enterprise Ireland, and Seán Ó Riain, Professor of Sociology at NUI Maynooth. This series is presented by Dónall Ó Maolfabhail. It’s a Scun Scan Production, with support from The Department of Foreign Affairs and the BAI.