Inniu, scrúdóidh an clár obair an stáit ar mhaithe le cosaint chearta daonna. Inseoidh Noel Dorr dúinn faoi mar a thuill Éire sna blianta luatha clú mar stát a sheas i gcoinne na cinedheighilte, agus labharfaidh sé faoi na hiarrachtaí a rinne sé féin agus é mar Ambasadóir na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe cur i gcoinne chóras na cinedheighilte san Afraic Thiar Theas blianta níos déanaí. Labharfaidh Antóin Mac Unfraidh ar a chuimhní féin ar na deacrachtaí a bhain le cúrsaí chearta daonna agus é ina ambasadóir san Iaráic. Cloisfidh muid plé painéil freisin ar an ábhar leis an abhcóide sinsearach Séamus ̦Ó Tuathail, Ragnar Almqvist, Stiúrthóir na Foirne sa Roinn Gnóthaí Eachtracha atá ag plé le hUachtaránacht Chomhairle na hEorpa, agus Bláthnaid Cearnaigh, a rinne staidéar ar leith ar chearta daonna agus an dlí idirnáisiúnta in Ollscoil Cholumbia i Stát Aontaithe Mheiriceá. Is iad Scun Scan Productions a léirigh an clár seo, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail a chuirfidh an clár i láthair.
Today, this series will examine the history of the Irish state in protecting human rights. Noel Dorr will talk about how Ireland achieved a reputation in the early years as a state that stood against apartheid, and speaks about his own efforts as Irish Ambassador to the United Nations to opposed apartheid in Southwest Africa years later. Antóin Mac Unfraidh will talk about his own experiences of difficulties with human rights while he was an ambassador in Iraq. The programme will also feature a panel discussion on the matter with Senior Counsel Séamus Ó Tuathail, Ragnar Almqvist Director of Council of Europe Presidency Task Team, and Bláthnaid Cearnaigh, who specialized in the study of human rights and international law in the University of Columbia in the USA. This series is presented by Dónall Ó Maolfabhail. It’s a Scun Scan Production, with support from The Department of Foreign Affairs and the BAI.