Cuirfear tús anocht le sraith nua den chlár seo, agus is í Nicole Ní Dhubhshláine a bheas i gcathaoir an láithreora. Is as an nGráig i gCorca Dhuibhne do Nicole, agus is ceoltóir fliúite agus consairtín í. Tá an domhan siúlta aici lena cuid ceoil, ó Vietnam go Moscow, agus is minic í ar stáitse in Éirinn freisin. Tá sí ag tnúth go mór leis an tsraith nua den Bhraon Gaelach a chur i láthair, agus beidh rogha ceoil den scoth aici do na héisteoirí gach seachtain.
A new series of An Braon Gaelach starts tonight, and will be presented by Nicole Ní Dhubhshláine. Nicole is a flute and concertina player from An Ghráig in Corca Dhuibhne in the Kerry Gaeltacht. A gifted musician, she has travelled the world with her music and won many awards. She will bring listeners a wonderful selection of traditional music every week on the show.