Neidí Frainc Mac Grianna

Neidí Frainc Mac Grianna Image Name: Neidí Frainc Mac Grianna Description: Neidí Frainc Mac Grianna Copyright: Cnuasach Bhéaloideas Éireann / Iris Folklore Collection. Permission to use given to RTÉ RnaG

Sa chlár seo, tabharfar ómós don scéalaí iomráiteach Neidí Frainc Mac Grianna, as Rann na Feirste, a bhásaigh daichead bliain ó shin i mbliana.  Sa chlár, cloisfidh muid taifeadtaí luachmhara cartlainne ó na seascaidí a rinne Cumann Chluain Ard Bhéal Feirste le Neidí Frainc agus a chol ceathrar agus a dhlúthchara Seán Bán Mac Grianna.  Beidh agallamh le hiníon agus mac le Neidí, Gearóidín agus Danny, faoi oidhreacht a n-athar.  Cloisfidh muid Neidí Frainc féin i mbun scéalaíochta, agus beidh Mícheál Ó Máirtín, Stiúrthóir Choláiste Mhuire i Loch an Iúir, ag cur síos ar na cuimhní cinn atá aige ar Neidí, a chaith blianta fada ag obair sa choláiste.  Is é Damien Ó Dónaill a chuirfidh an clár i láthair.

This programme pays homage to the legendary storyteller Neidí Frainc Mac Grianna from Rann na Feirste in Donegal, who died forty years ago this year.   In the programme, we’ll hear valuable and rare recordings of Neidí Frainc and his cousin and great friend Seán Bán Mac Grianna, recorded by Cumann Chluain Ard in the sixties.  We’ll hear an interview with his son and daughter, Danny and Gearóidín, about their father’s legacy.  Mícheál Ó Máirtín, Director of the Coláiste Mhuire summer college in Loch an Iúir, where Neidí Frainc worked for years, will share his memories with us, and we’ll hear recordings of Neidí Frainc himself storytelling.  The programme is presented and produced by Damien Ó Dónaill.