Sa chlár seo inniu, cloisfidh muid an saothar úrnua ceoil de chuid Mháire Breatnach, Cosán na Naomh, a thugann léargas uathúil dúinn ar leithinis Chorca Dhuibhne agus ar stair ársa an cheantair seo. Tá an saothar nua seo bunaithe ar Chosán na Naomh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Is ó Thrá Fionntrá, de réir traidisiúin a ghabhann siar breis is míle bliain, a thugadh lucht oilithreachta aghaidh ar Chnoc Bréanainn ar an gcosán ársa seo. Ceol nua ar fad a bheas ann, cumtha ag Máire Breatnach, agus curtha i láthair ag scoth na gceoltóirí, ina measc: Máire Breatnach (veidhlín & vióla) Mick O’Brien (píb uilleann & feadóga) agus Noreen O’Donoghue (cláirseach) le dearadh fuaime ó Stephen O’Brien. Tabharfaidh an coimisiún nua ceoil seo an lucht éisteachta ar thuras ársa agus Máire Breatnach ag freagairt don dúiche ina timpeall agus an tionchar cruthaitheach atá ag tírdhreach sceirdiúil Chorca Dhuibhne ar an ealaíontóir clúiteach seo. Léiriú de chuid Stiúideo Cuan.
Today, we’ll hear the new music commission by renowned musician and composer, Máire Breatnach. The work is performed by piper Mick O’Brien, Harper Noreen O’Donoghue and the composer herself on fiddle and viola. Sound design is by Stephen O’Brien. Cosán na Naomh is inspired by The Saints’ Path – an 18km pilgrim route through the West Kerry peninsula of Corca Dhuibhne. This new work is a creative response to the dramatic landscape of Corca Dhuibhne in West Kerry, and the rich and ancient history of this Gaeltacht region. A Stiúideo Cuan production.