Seo an chéad chlár i sraith ceithre chlár faoin mbanfhile Máire Bhuí Ní Laoghaire (1774-c.1848) as ceantar Bhéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí. Is iad Paula McCarthy agus An tOllamh Tríona Ní Shíocháin atá i mbun na sraithe seo, agus is sin-sin-sin-sin seanmháthair í Máire Bhuí le Paula. Sa chlár inniu, tugann Paula agus a mac Andrew, cuairt ar uaigh Mháire Bhuí, agus cloisfidh muid agallaimh le William McCarthy agus le hAnn McGrath, a bhfuil gaol díreach acu le mac Mháire Bhuí, Seán de Búrc. Cloisfidh muid agallamh le Seán Ó Súilleabháin ó Chumann Staire Bhéal Átha an Ghaorthaidh, agus leis an Ollamh Tríona Ní Shíocháin ó Ollscoil Mhá Nua, a thabharfaidh breis eolais dúinn faoin bhfile agus faoi Chath Chéim an Fhia. Cloisfear amhráin de chuid Mháire Bhuí ó Nell Ní Chróinín agus Tríona Ní Shíocháin, freisin, mar chuid den chlár.
Paula McCarthy and Professor Tríona Ní Shíocháin bring us this four-part series about the famed West Cork poet Máire Bhuí Ní Laoghaire (1774-c.1848). Máire Bhuí is Paula’s great-great-great-great-grandmother and today in the first programme in the series, Paula and her son Andrew visit her grave, and speak to William McCarthy and Ann McGrath, who are directly related to Máire Bhuí’s son Seán de Búrc. Local historian Seán Ó Súilleabháin and Professor Tríona Ní Shíocháin provide further information on the poet, and the Battle of Céim an Fhia which is described in the poet’s most celebrated work. We’ll hear songs composed by Ní Laoghaire too, performed by Nell Ní Chróinín and Tríona Ní Shíocháin, on the programme today.