Tá Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna ag ceiliúradh caoga bliain ar an bhfód an tseachtain seo, agus mar chuid de na himeachtaí beidh foireann Iris Aniar ag craoladh beo ón scoil Dé hAoine. Beidh siad i mbun comhrá le foireann na scoile agus leis na daltaí faoin scoil mar atá, agus beidh roinnt iar-dhaltaí freisin ag comhrá leo faoi na cuimhní cinn atá acuar a gcuid laethanta scoile. Is í Máire-Bríd Ní Chualáin a chuirfidh an clár i láthair.
Iris Aniar will be broadcast live from Scoil Pobail Mhic Dara in Carna, in Conamara, today as they celebrate fifty years this week. Presenter Máire-Bríd Ní Chualáin will be joined by students and staff to talk about the school as it is now, and we’ll also hear memories of their school days from former pupils.