Beidh clár ceolmhar spleodrach ag Áine Ní Bhreisleáin agus foireann Bhladhaire dúinn inniu beo ó Oireachtas na Samhna i gCill Airne. Beidh ceol acu leis an ghrúpa Hello Len, ceoltóirí óga traidisiúnta as Baile Átha Cliath, agus beidh ríthe Chlub na Féile Pólca 4 leo freisin, agus iad ag ullmhú lena gceirnín nua a sheoladh úr ar an tSatharn. Coinneoidh amhránaithe aonair as ceithre choirnéal na hÉireann comhluadar leis na héisteoirí, ina measc Irial ó Ceallaigh as an Rinn, agus Bláithín Mhic Cana as Ard Mhacha. Beidh blaiseadh den chraic atá ar siúl le cuid de ghlúin óg na Gaeilge, Áine Mhaoir agus James Ó Flathartha ar bheirt acu, agus lucht freastail dílis an Oireachtais fosta.
Áine Ní Bhreisleáin and the Bladhaire team will have a lively, jam-packed show for us today live from the Oireachtas festival in Killarney. They’ll have music from Hello Len, young traditional musicians from Dublin, as well as the kings of Club na Féile, Pólca 4, who are launching their new album on Saturday. Singers Irial Ó Ceallaigh, from An Rinn, and Bláithín Mhic Cana, from Armagh, will be joining Áine, and we’ll also hear from some of the younger generation of Irish-speakers, including Áine Mhaoir and James Ó Flatharta, as well as interviews with other regular attendees at the festival.