Cuan an Cheoil

Aoife Ní Bhriain Image Name: Aoife Ní Bhriain Description: Aoife Ní Bhriain
Liam Ó Maonlaí & Aoife Ní Bhriain Image Name: Liam Ó Maonlaí & Aoife Ní Bhriain Description: Liam Ó Maonlaí & Aoife Ní Bhriain

Cuirfear tús anocht le sraith a dó den chlár Cuan an Cheoil, sraith ina gcloiseann muid Liam Ó Maonlaí ag comhrá agus ag casadh ceoil le haíonna difriúla gach seachtain.  Pléann siad nithe éagsúla, ó chúrsaí ceoil, go cúrsaí an tsaoil go ginearálta.  Is í an veidhleadóir Aoife Ní Bhriain a bheas ina chuideachta don chéad chlár inniu.  Rugadh agus tógadh Aoife i mBaile Átha Cliath, ach thug an ceol ar fud na cruinne í ó shin.  Tá go leor duaiseanna náisiúnta agus idirnáisiúnta buaite aici don cheol clasaiceach agus don cheol traidisiúnta.  Beidh sí i mbun comhrá agus ceoil le Liam tráthnóna.  Beidh an clár seo le feiceáil ar líne freisin, ar mheáin shóisialta RTÉ RnaG, agus ar rte.ie/gaeilge.  Seo léiriú de chuid Stiúideo Cuan, maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse.   

This evening, we’ll hear the first programme in the second series of Cuan an Cheoil, presented by Liam Ó Maonlaí.  Liam is joined each week by different musical guests for a chat, and to play together.  The conversations with guests range from music matters, to family, and all elements of life.  This evening, Liam is joined by award-winning violinist and fiddler Aoife Ní Bhriain.  Aoife was born and raised in Dublin, but music has brought her around the world since then.  She has won numerous awards for her playing, both classical and traditional.  She joins Liam for a chat and an in-studio session this evening.  This series is produced by Stiúideo Cuan.   A visual stream for this programme will also be available on RTÉ Raidió na Gaeltachta’s social media platforms every week, on their website, and on rte.ie/gaeilge.  This series is funded by the BAI with the Television Licence Fee.