Inniu, sa dara clár den tsraith seo beidh míreanna ag Áine Ní Bhreisleáin dúinn ó chartlann Dhoirí Beaga a craoladh idir 1980 agus 1989. Cluinfear tuairisc ar bhás an cheoltóra John Doherty, agallamh faoi na coinníollacha sna H-Blocanna le Bríd Rodgers, imní i 1982 go raibh RTÉ ag iarraidh deireadh a chur le Raidió na Gaeltachta, agus comhrá leis an ghrúpa Clannad nuair a bhí a gceirnín ‘Harry’s Game’ le cluinstin ar Top of the Pops. Chomh maith le sin, beidh díospóireachtaí faoin oideachas Gaeltachta, agallamh le ‘File Ghaoth Barra’ Dónal Mac Diarmada ar a bhreithlá agus céad bliain slánaithe aige, agus mír faoi chúrsaí imirce ar Árainn Mhór le Rónán Mac Aodha Bhuí.
Today, in the second programme in this series presented by Áine Ní Bhreisleáin, she brings us material from the Doirí Beaga archives broadcast from 1980 to 1989. They will include a report on the death of musician John Doherty, an interview with Bríd Rodgers about the conditions in the H Blocks, fear in 1982 that RTÉ planned on closing Raidió na Gaeltachta, and an interview with Clannad when their hit Harry’s Game was on Top of the Pops. As well as this, we’ll hear debates about Gaeltacht education, an interview with Gaoth Barra poet Dónal Mac Diarmada on his hundredth birthday, and Rónán Mac Aodha Bhuí brings us an interview about emigration from Árainn Mhór island.