skip to main content

Brisim Achan Riail

IMLÉ Image Name: IMLÉ Description: IMLÉ
Ushmush - An Seisiún Image Name: Ushmush - An Seisiún Description: Ushmush - An Seisiún
Emma Ní Chearúil Image Name: Emma Ní Chearúil Description: Emma Ní Chearúil
Seán Ó Dubhchon Image Name: Seán Ó Dubhchon Description: Seán Ó Dubhchon

Sa tsraith nua samhraidh seo, fiosraíonn Seán Ó Dubhchon agus Emma Ní Chearúil ceol na mionteangacha agus an nasc atá idir ceol, teanga agus pobal.  Sa chlár seo inniu, pléitear an brú atá ann uaireanta iompú ar an mBéarla, go háirithe ó chomhlachtaí móra idirnáisiúnta, ach tá deiseanna ag baint le bheith ag cruthú i nGaeilge chomh maith.  Bíonn dúshláin i gceist freisin dár ndóigh, is deacra uaireanta aird na meán a tharraingt ar shaothar i mionteanga.   Pléitear na hábhair éagsúla seo inniu sa chlár.  Chomh maith leis sin, labharfaidh ceoltóirí faoi na foinsí ionspráide a spreag iad le ceol a chruthú ina dteanga dúchais, faoin ardú croí, agus faoin mbriseadh croí a bhaineann leis an gcinneadh sin.  Ar na haíonna a bheas faoi agallamh, beidh Moya Brennan, Deoraí, Oisín Mac, Ewen Henderson, Pádraig Ó Conghaile agus Cian Mac Cárthaigh (IMLÉ), Calum McDonald (Runrig), Stiofán Ó Fearaíl (Seo Linn), Ani Glass, Róisín Seoighe, Marcus Mac, JJ Ó Dochartaigh (Kneecap), Gráinne Holland agus Ushmush.  Tá an tsraith seo maoinithe ag Scéim Sparántachta Cholmcille 2021 de chuid Foras na Gaeilge.

In this new summer series, Seán Ó Dubhchon and Emma Ní Chearúil examine the music of minority languages, and the link between music, language and community.  Today, they will speak to a series of musicians about their decision to create music in their own native, minority language, the implications and challenges that brought with it, what inspired them, and the joys and the heartache that decision entailed.  Interviewees today will include Moya Brennan, Deoraí, Oisín Mac, Ewen Henderson, Pádraig Ó Conghaile and Cian Mac Cárthaigh (IMLÉ), Calum McDonald (Runrig), Stiofán Ó Fearaíl (Seo Linn), Ani Glass, Róisín Seoighe, Marcus Mac, JJ Ó Dochartaigh (Kneecap), Gráinne Holland and Ushmush.  This series was funded by Scéim Sparántachta Cholmcille, Foras na Gaeilge.