Beidh eagrán speisialta den chlár le cloisteáil inniu ó Óstán an Merrion i mBaile Átha Cliath, áit a mbeidh taispeántas ag an ealaíontóir clúiteach as Corca Dhuibhne Liam Ó Néill an tseachtain seo. An Naomhóg, Capall na Farraige, teideal an taispeántais, atá á reáchtáil ag an óstán i gcomhar le Dánlann Oriel, a bheas sé ar siúl go dtí 27 Bealtaine. Beidh deich bpíosa mór ealaíne le Liam Ó Néill, chomh maith le naomhóg a thóg Eddie Hutch, sa taispeántas. Sa chlár seo inniu, beidh Liam faoi agallamh ag Helen Ní Shé faoin taispeántas nua, agus cloisfidh muid freisin ó dhaoine eile a bheas i láthair.
Tune in for a special edition of the programme today from The Merrion Hotel in Dublin, where a new art exhibition from celebrated West Kerry artist Liam Ó Néill opens this week. An Naomhóg, Capall na Farraige – The Naomhóg, Workhorse of the Sea, runs until 27 May, and includes ten monumental landscapes from Ó Néill, as well as a naomhóg built by Eddie Hutch. Helen Ní Shé will interview Liam on the programme today about the new exhibition, as well as others attending the event.