Beidh leabhar na míosa, An Bás sa Veinéis, idir chamáin ar an gclár inniu ag Tristan Rosenstock agus a chuid aíonna. Is leagan Gaeilge le Risteárd Mac Annraoi ar noibhille mór de chuid Thomas Mann atá i gceist, agus i dteannta Tristan beidh an scríbhneoir Dónall Mac Pháidín ó Marburg na Gearmáine maraon leis an Ollamh Caitríona Ní Dhúill ó Ollscoil na hÉireann, Corcaigh.
April’s book of the month An Bás sa Veinéis, is up for discussion on the show today, Risteárd Mac Annraoi’s Irish-language translation of Thomas Mann’s masterpiece Death in Venice. Joining Tristan Rosenstock from Marburg, Germany will be writer Dónall Mac Pháidín along with Professor Caitríona Ní Dhúill of UCC, for the discussion.