Anocht, beidh eagrán speisialta den chlár ag Cian Ó Cíobháin dúinn agus an clár ag ceiliúradh 23 bliain ar an aer an deireadh seachtaine seo. Beidh ceiliúradh na bliana seo dírithe ar cheol electroclash a tháinig chun cinn i gclubanna damhsa sna chéad bhlianta go raibh an clár ar an aer. Go deimhin, bhíodh sé le cloisteáil sna hoícheanta ceoil 110th Street a bhíodh á reáchtáil ag Cian agus a chara Cyril Briscoe i gCathair na dTreabh tráth. Bhfuil moltaí agatsa do Chian maidir leis na rianta electroclash is fearr leat? Bí i dteagmháil leis ar na meáin shóisialta nó att@rte.ie agus cuirfear do chuid moltaí-sa san áireamh sa rogha ceoil don chlár speisialta seo.
Cian Ó Cíobháin will bring us a special edition of An Taobh Tuathail tonight to celebrate 23 years on the airwaves this weekend. The focus of this year’s party will be on electroclash, a genre that rose to prominence in clubs (including 110th Street, a night Cian ran in Galway with his friend Cyril Briscoe) during the show’s early years on the airwaves. Electroclash brought the spirit of 80s new wave and synth-pop back into the techno world and made an impact globally through dance floor hits by the likes of Felix Da Housecat, Fischerspooner and Adult. What are your favourite electroclash records? Send your suggestions to Cian and he’ll feature the best tracks from this era on ATT on Friday 29th April.