Bladhaire

The Sí Fiddlers Image Name: The Sí Fiddlers Description: The Sí Fiddlers Copyright: Photo by John Soffe
Áine Ní Bhreisleáin Image Name: Áine Ní Bhreisleáin Description: Áine Ní Bhreisleáin Copyright: Caoimhín Ó Peatáin
Áine Ní Bhreisleáin during live broadcast of Bladhaire from Piper's Corner Image Name: Áine Ní Bhreisleáin during live broadcast of Bladhaire from Piper's Corner Description: Áine Ní Bhreisleáin during live broadcast of Bladhaire from Piper's Corner Copyright: Frank McKenna
Caoimhín Mac Aoidh Image Name: Caoimhín Mac Aoidh Description: Caoimhín Mac Aoidh
Steve Cooney Photo by Colin Gillen Image Name: Steve Cooney Photo by Colin Gillen Description: Steve Cooney

Beidh Bladhaire á chraoladh beo ó Amharclann Ghaoth Dobhair inniu do sheoladh oifigiúil Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair 2022.  Bhí an fhéile le reáchtáil ag an Nollaig, ach cuireadh siar é de bharr chúrsaí sláinte poiblí, agus beidh sé ar siúl anois ó 14 – 18 Aibreán.  Beidh togha na gceoltóirí páirteach san fhéile, agus beidh cuid acu i láthair inniu chun tús breá bríomhar a chur le cúrsaí.  Ina measc beidh Dermot Byrne agus Steve Cooney, Diane Cannon, Bríd Harper, baill de Na SíFiddlers, agus Caoimhín Mac Aoidh, fidléir agus údar.  Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair, agus beidh neart ceoil, craic agus siamsaíocht leis na haoi cheoltóirí, le lucht eagraithe na féile, agus le haíonna speisialta.  Beidh neart imeachtaí ar siúl mar chuid den fhéile, ina measc ceardlanna ceoil, amhránaíochta agus damhsa le cuid de scoth-cheoltóirí an traidisiúin.  Beidh an t-eolas uilig ag Áine agus an fhoireann dúinn ar chlár an lae inniu. 

Today Bladhaire will be broadcast live from Amharclann Ghaoth Dobhair for the official opening of the rescheduled Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair festival.  The event was rescheduled from Christmas, and today’s show will include live music from several of the musicians taking part in the festival, including Dermot Byrne and Steve Cooney, Diane Cannon, Bríd Harper, members of The SíFiddlers, and Caoimhín Mac Aoidh, fiddler and author.  The music school and festival takes place from 14 – 18 April, and will include a huge range of events including classes in various traditional Irish musical instruments, dance and song from some of the most respected musicians in the tradition.  Áine Ní Bhreisleáin and team will have all the information for us on today’s show.