Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh leathchéad bliain ar an bhfód inniu, agus reáchtálfar coirm cheoil fíor-speisialta i gcroílár na Gaeltachta i gConamara tráthnóna chun an ócáid stairiúil seo a chomóradh. Beidh Ceolfhoireann RTÉ agus plúr na gceoltóirí traidisiúnta páirteach sa choirm, agus is iad misneach, féiniúlacht agus mórtas cine na príomh-théamaí a bheas leis. Is iad Neansaí Ní Choisdealbha, Michelle Nic Grianna agus Sláine Ní Chathalláin a chuirfidh an ócáid i láthair. Orthu siúd a bheas ar stáitse, beidh Altan, Cór Chúil Aodha, Iarla Ó Lionáird & Steve Cooney, Johnny Óg Connolly, Colm Mac Con Iomaire, The High Seas, Cormac Ó Beaglaoich, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor, Gerry O’Beirne agus Seán Monaghan. Ar na fonnadóirí a bheas páirteach, beidh Ciarán Ó Gealbháin, Máire Ní Choilm, Micheál Ó Confhaola, Caitlín Ní Chualáin, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Étáin & Máire Ní Churraoin agus an t-amhránaí Albanach Griogair Labhruidh, a léireoidh an nasc idir na tíortha Ceilteacha. Beidh na hamhránaithe ceol tíre as Conamara Beartla Ó Domhnaill, Máirtín Beag Ó Gríofa agus Anna Marie Nic Dhonncha ar an ardán ar an oíche, agus beidh an ghlúin óg páirteach freisin – na grúpaí Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus An Crann Óg – agus ní dhéanfar dearmad ar na damhsóirí ach oiread, beidh Róisín Ní Mhainín, Muintir Uí Iarnáin agus Muintir Uí Dhubháin ag bualadh steip ar an oíche. Is iad Aniar TV a léireoidh an choirm, arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann.
RTÉ Raidió na Gaeltachta will celebrate fifty years on air on 2 April, and to mark this very special occasion the RTÉ Concert Orchestra will travel to Conamara to perform in a gala concert in the heart of the Gaeltacht, broadcast live on radio, with some of the country’s top traditional musicians. Courage, identity and pride of place are the primary themes for the commemorative concert, which will be presented by Neansaí Ní Choisdealbha, Michelle Nic Grianna and Sláine Ní Chathalláin. Artists performing on stage will include Altan, Cór Chúil Aodha, Iarla Ó Lionáird & Steve Cooney, Johnny Óg Connolly, Colm Mac Con Iomaire, The High Seas, Cormac Ó Beaglaoich, Muireann Nic Amhlaoibh, Dónal O’Connor, Gerry O’Beirne and Seán Monaghan. The concert will include performances from sean-nós singers Ciarán Ó Gealbháin, Máire Ní Choilm, Micheál Ó Confhaola, Caitlín Ní Chualáin, Páidí Mhárthain Mac Gearailt, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Étáin & Máire Ní Churraoin and Scottish singer Griogair Labhruidh who will represent the connection with the other Celtic nations. There will also be performances from Connemara country singers Beartla Ó Domhnaill, Máirtín Beag Ó Gríofa and Anna Marie Nic Dhonncha, and youth musical groups Ceoltóirí Óga Chois and An Crann Óg, as well as sean-nós dancing from Róisín Ní Mhainín, the Hernon family and the Devanneys. The concert will be produced by Aniar TV, and has been funded by the Broadcasting Authority of Ireland