Is é an t-albam píobaireachta The Lark’s Call le Tom Delany atá roghnaithe ag Áine Hensey d’Albam na Seachtaine ar an gclár. Is as an Fhrainc do Tom, cé gur de bhunadh na hÉireann é, agus tá cónaí air anois i gCorca Dhuibhne. Tá an domhan siúlta aige ag casadh ceoil, le grúpaí agus mar cheoltóir aonair. Spreag stíl píobaireachta an lucht siúil, a chleacht leithéidí Johnny Doran, Paddy Keenan agus Davy Spillane, a stíl féin. Ar na haoi-cheoltóirí atá le cloisteáil ar an albam, tá Caroline Keane ar an gconsairtín, Alan Murray ar ghiotar agus basúcaí, Brian O’Loughlin ar an bhfeadóg mhór, Laura Kerr ar an bhfidil, Conor Lyons ar an mbodhrán agus Camille Phillipe ar an mhaindilín. Beidh cúpla traic ón albam ag Áine Hensey dúinn gach lá ar an gclár ó Luan go Céadaoin, agus beidh deis ag na héisteoirí cóip a bhaint.
The Lark’s Call by Tom Delany is this week’s Album of the Week on the show, featuring traditional music on uilleann pipes. Tom was born and raised in France, and was steeped in traditional music growing up. He now lives in Kerry. His playing style is inspired by the travelling style of piping found in recordings of the likes of Johnny Doran, Paddy Keenan and Davy Spillane. He has toured the world, playing as a solo artist and with groups. Guest musicians on the album include Caroline Keane on concertina, Alan Murray on guitar & bouzouki, Brian O’Loughlin on flute, Laura Kerr on fiddle, Conor Lyons on bodhrán and Camille Phillipe on Mandolin. Áine Hensey will be playing a selection of tracks from the album each day on the programme Monday to Wednesday, and listeners will get a chance to win a copy.