Craolfar an chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada beo ar an gclár anocht. Tá comórtas na bliana seo dírithe ar na huirlisí giolcaigh miotail, is iad sin an bosca ceoil, an mileoidean, an consairtín agus an t-orgán béil, agus gheobhaidh an buaiteoir an bonn óir agus €2500. Is é Peadar Ó Riada a chuirfidh an chraobh i láthair beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gcathair Chorcaí. Beidh 15 ceoltóir san iomaíocht don duais mhór, agus tá Cúige Mumhan go láidir sa mheascán, le 12 ceoltóir ag teacht as contaetha na cúige sin, seisear acu siúd as Corcaigh! Is é an boscadóir óg as Tiobraid Árann Keelan McGrath a thug leis an chraobh an uair dheireanach go raibh na huirlisí giolcaigh miotail i gceist ceithre bliana ó shin. Is iad na ceoltóirí aitheanta Mary MacNamara, Noel Hill agus Charlie Harris a bheidh i mbun moltóireachta. Beidh an ócáid le cloisteáil beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus le feiceáil beo ar leathanach Facebook an stáisiúin freisin.
The final for the Seán Ó Riada Gold Medal competition will be broadcast live on the programme tonight. Fifteen top class musicians – accordion, concertina, melodeon and mouth organ players – will compete in event taking place in the Rochestown Park Hotel in Cork, presented by Peadar Ó Riada. There is a strong Munster contingent this year, with twelve of the fifteen musicians coming from there, six of whom are from Cork! Young Tipperary box player Keelan McGrath took home the medal the last time the competition was focused on these instruments, four years ago. Esteemed musicians Mary MacNamara, Noel Hill and Charlie Harris will have the unenviable task of choosing the winner tonight, who will take home the prestigious medal and €2500. The event will be broadcast live and also streamed to the RTÉ RnaG Facebook page.