Is é an t-albam Begin with the end in mind le Pádraig Rynne atá roghnaithe ag Áine Hensey d’Albam na Seachtaine an tseachtain seo. Tabhair cluas don chlár chun cuid rogha ceoil ón albam a chloisteáil, agus le deis a bheith agat cóip a bhaint. As Co. an Chláir do Phádraig Rynne, ceoltóir consairtín, agus is é seo an chéad albam aonair uaidh ó 2005. Is foinn thraidisiúnta den chuid is mó atá le cloisteáil ar an albam nua, chomh maith le cúpla port nua-chumtha ag Pádraig. Tá na ceoltóirí Ruben Bada, Conal O’Kane agus Dónal Lunny le cloisteáil ar an albam seo ina theannta.
Áine Hensey has chosen Pádraig Rynne’s new album Begin with the end in mind as Album of the Week all this week. Tune in to hear a selection of tunes from the album, and to be in with a chance to win a copy. Pádraig Rynne is a talented concertina player and composer from Co. Clare. This is his first traditional solo album since 2005. The album consists of mostly traditional Irish tunes with some of his own compositions too. Ruben Bada, Conal O’Kane and his long-time collaborator Dónal Lunny all guest on the album.