Beidh Jó Ní Chéide ag díriú ar na hamhráin ghrámhara sa gceol tíre anocht ar An Bóthar go Nashville. Beidh amhráin ó Dolly Parton, Alan Jackson, George Jones, Johnny Brady agus go leor réalta móra eile sa cheol tíre le cloisteáil agus téama an ghrá faoi chaibidil aici sa gclár seo agus muid ag ceiliúradh Lá Fhéile Vailintín.
Tonight, Jó Ní Chéide will be focused on the best country music love songs on An Bóthar go Nashville. Tune in for hits from Dolly Parton, Alan Jackson, George Jones, Johnny Brady and lots more country starts in tonight’s love-themed programme for Valentine’s Day.