skip to main content

Cuan an Cheoil

Síle Denvir & Barry Kerr Image Name: Síle Denvir & Barry Kerr Description: Síle Denvir & Barry Kerr
Barry Kerr, Liam Ó Maonlaí, Síle Denvir Image Name: Barry Kerr, Liam Ó Maonlaí, Síle Denvir Description: Barry Kerr, Liam Ó Maonlaí, Síle Denvir

Inniu, craolfar an chéad chlár sa tsraith nua seo Cuan an Cheoil le Liam Ó Maonlaí, léiriú de chuid Stiúideo Cuan.  Beidh deichniúr ceoltóirí aitheanta ó cheann ceann na tíre páirteach sa tsraith seo a thabharfaidh ardán do cheol nua, agus do smaointeoireacht nua agus Liam ag plé mór-théamaí an tsaoil agus an cheoil leis na pearsaí éagsúla a bheas ina chuideachta ó sheachtain go seachtain.   Inniu, sa chéad chlár, is iad Síle Denvir agus Barry Kerr a bheas i gcuideachta Liam.  As Conamara do Shíle, ball den ghrúpa Líadan, agus tá an domhan siúlta aici leis an ngrúpa sin agus le The Chieftains freisin.  Ina teannta inniu beidh Barry Kerr, ceoltóir, cumadóir agus péintéir as Ard Mhacha ó dhúchas ach cónaí air anois i gConamara.  Ar na ceoltóirí eile a bheas le cloisteáil sa tsraith, beidh Colm Mac Con Iomaire, Mairéad Ní Mhaonaigh, Peadar Ó Riada, Mary Bergin, Johnny Óg Connolly, Róisín Chambers, Méabh Ní Bheaglaoich, Rónán Ó Snodaigh, agus Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta.  Beidh sruthú ar líne ar an gclár seo freisin le fáil ar mheáin shóisialta RTÉ RnaG. Tá an tsraith seo maoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann leis an Táille Ceadúnais Teilifíse. 

Today, we’ll hear the first programme in the brand new series Cuan an Cheoil, a ten-part series presented by Liam Ó Maonlaí and produced by Stiúideo Cuan.  The series will feature extended interviews with ten of the country’s best-known musicians, who will join Liam Ó Maonlaí for a wide-ranging discussion touching on various aspects of music and life, and they will also play together.  The series kicks off this evening with Síle Denvir and Barry Kerr.  Síle, from Conamara, is a member of the group Líadan, and has also performed with the Chieftains.  Barry Kerr, musician, composer and painter, is originally from Armagh but now living in Conamara.  Other musicians who will be heard in the series include Colm Mac Con Iomaire, Mairéad Ní Mhaonaigh, Peadar Ó Riada, Mary Bergin, Johnny Óg Connolly, Róisín Chambers, Méabh Ní Bheaglaoich, Rónán Ó Snodaigh, and Caoimhe and Séamus Ó Flatharta.  A visual stream for this programme will also be available on RTÉ Raidió na Gaeltachta’s social media platforms every week.  This series is funded by the BAI with the Television Licence Fee.