Sa chlár seo, tá cur síos ag Áine Ní Bhreisleáin dúinn ar an sórt saoil a bhí i gceantar na gCruacha Gorma sna blianta siar, gleann fairsing i nGaeltacht Láir Thír Chonaill taobh amuigh de bhaile na nGleanntach. Bhí an ceantar seo aitheanta ag scoláirí móra na Gaeilge agus an bhéaloidis as an saibhrea scéalaíochta, amhránaíochta agus ceoil a bhí ag an phobal ann. Tá an ceantar seo bánaithe anois, ach beidh deis ag na héisteoirí scoth na gcainteoirí a mhair sna Cruacha, a theagasc agus a d’oibir ann, a chluinstin sa chlár seo inniu, ina measc Máire Ní Cheallaigh, Seosamh Mac Giobúin, Joe Beag ‘Ac a Luain, Paidí ‘Ac a Luain agus na bailitheoirí béaloidis Caoimhín ó Danachair agus Séan Ó hEochaidh, a chruinnigh go leor de sheanchas an cheantair, ceol Mhicí Simey Doherty ina measc. Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair.
In this programme, Áine Ní Bhreisleáin paints an audio picture for us of life in the area of Na Cruacha Gorma in An Ghaeltacht Láir in Co. Donegal. This area was renowned for its rich tradition of storytelling, music and song. Sadly, it is deserted now, but listeners will have a chance today to hear archive recordings of some of the wonderful speakers who lived, taught and worked there in the past. The recordings featured will include Máire Ní Cheallaigh, Seosamh Mac Giobúin, Joe Beag ‘Ac a Luain, Paidí ‘Ac a Luain and the folklore collectors Caoimhín ó Danachair and Séan Ó hEochaidh, who collected valuable material in the area, including the music of Micí Simey Doherty. Áine Ní Bhreisleáin presents.