Súil siar ar bhuaicphointí craolta RTÉ Raidió na Gaeltachta le linn 2021. Beidh idir trom agus éadrom sa chlár seo, ó chúrsaí nuachta agus sláinte i mbliain na paindéime agus na scéalta daonna a d’eascair astu, agallaimh, ceol agus neart eile. I measc na míreanna, beidh cur síos lom ionraic ó Chaitríona Budhlaeir ar bhás a hathar i dteach altranais de dheasca COVID19, agallamh le hAoife Nic Mhánais, Gaeilgeoir a labhair leis an stáisiún ó Kabul na hAfganastáine agus an Taliban ag teannadh leis an gcathair, agus cur síos a rinne Paula agus Margaret Martin ar an mbealach go ndearna an sagart Con Cunningam mí-úsáid gnéis orthu ina n-óige. Is é Marcus Mac Conghail a chuirfidh an clár i láthair.
In this programme, we’ll hear some of the highlights of RTÉ Raidió na Gaeltachta’s programming during 2021. The programme will have lighter and darker moments, the news of the pandemic, the human stories connected to it, interviews, music and more. The programme will include extracts from an interview with Caitríona Budhlaeir, who gives an unvarnished and heartfelt description of her father’s death from COVID19 in a nursing home. We’ll hear Aoife Nic Mhánais interviewed live from Kabul as the Taliban were approaching the city, and we’ll hear an interview with Donegal sisters Paul and Margaret Martin, who were abused by priest Con Cunningham. Marcus Mac Conghail presents.