Sa chlár cartlainne seo, téann Áine Ní Bhreisleáin sa tóir ar scéalta cartlainne faoin stiléireacht agus déantús an phoitín i nDún na nGall san am a chuaigh thart. Bhí cáil ar stiléirí na Rosann agus beidh scéalta ó Ghracie Chonaill Nic Giolla Bhríde agus Donnchadh Chassie Ó Baoill as Rann na Feirste faoin chuimhne a bhí acu ar téadh a rinneadh ar an bhaile. Beidh míreanna aici dúinn le beirt as Gabhla – Éamonn Tharlaigh Ó Duibhir a taifeadadh i 1976 fá stiléireacht ar an oileán agus Paidí Johnny Fhrighil a rinne cur síos cuimsitheach ar an fhoclóir agus ar an phróiseas a bhain le poitín a dhéanamh i 1972. Beidh cúpla amhrán sa chlár fán phoitín agus fá na húdaráis a scrios an stil fosta!
In this programme today, Áine Ní Bhreisleáin brings us archive material about poitín and poitín making in Donegal in years past. The area of Na Rossa was known for its poitín, and we’ll hear from Gracie Chonaill Nic Giolla Bhríde and Donnchadh Chassie Ó Baoill from Rann na Feirste about the poitín making in the area. We’ll hear from two people from Gabhla island – Éamonn Tharlaigh Ó Duibhir, from 1976, talking about distilling on the island, and an interview with Paidí Johnny Fhrighil from 1972 who describes all the vocabulary and the process of poitín making. Áine will also bring us a few songs about poitín, and about the authorities that destroyed the stil!