Sa chlár seo, labhrann Helen Ní Shé le Séamus agus Seán Mac Craith faoi thoirbhirt na n-amhrán ó ghlúin go glúin. Tá a shaol caite ag bailiú amhrán agus seanchais aige Séamus Mac Craith ó Rinn Ua gCuanach. Fuair sé cuid mhór do na duanta i gceantar Shliabh gCua sna Déise. Tá na hamhráin sin tugtha ar láimh aige dá mhac Seán. Tá Seán Mac Craith aitheanta ar cheann do mháistrí an tsean-nóis sa tír seo. Cloisimid an bheirt acu ag cur na n-amhrán trí chéile ar an gclár seo agus iad ag cíoradh na bhfonn agus an tseanchais a gheibheann leo. Labhrann siad ar amhráin a bhí coiscthe a chanadh ag comórtaisí amhránaíochta, agus ar na slite a bhí aige na filí dul i ngleic leis a gcosc san. ‘Ínsint scéil ód’ chroí amach’ atá sa tsean-nós, a deir Séamus Mac Craith, ‘caithfidh tú an t-amhrán a bhraistint le na haon bhlúire dod chorp.’ Níl beirt níos fearr chun san a léiriú go paiteanta ná Séamus agus Seán Mac Craith agus iad cois na tine i dTigh an Cheoil sa Rinn i gcomhluadar Helen Ní Shé.
In this programme, Helen Ní Shé speaks to father and son Séamus and Seán Mac Craith, from Rinn Ua gCuanach in the Waterford Gaeltacht, about the sean-nós singing tradition, and how the songs go from one generation to the next. Séamus has spent his life collecting songs, many of which he got in the Sliabh gCua area of Na Déise. He has, in turn, passed those songs on to his son Seán. They discuss the songs and the tradition with Helen today. They talk about the songs that were forbidden in competitions, and how people got around that. Séamus talks about how essential it is that the singer can feel the song within themselves, and tell the story from the heart. Tune in for a very interesting and lively discussion recorded in Tigh an Cheoil in An Rinn with Helen Ní Shé.