I measc na míreanna ar chlár an lae inniu, cloisfidh muid agallamh le duine de shár-iománaithe ár-linne, John Connolly na Gaillimhe agus An Chaisleáin Ghearr, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le Gearóidín Nic an Iomaire. Bhí John Connolly ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Iomána na hÉireann i 1980, agus bhí sé ar fhoirne iontacha An Chaisleáin Ghearr a bhain sé cinn de chraobhacha contae i nGaillimh idir na blianta 1967 agus 1984, agus ar ndóigh a thug leo Craobh Chlubanna Iomána na hÉireann i 1980 freisin. Ar chlár an lae inniu freisin, cloisfidh muid Micheál Ó Muircheartaigh, Maidhc Ó Méalóid agus Jamie Ó Tuama ag plé na cluichí craoibhe a himríodh idir An Mhí agus Áth Cliath i gCraobh Shinsir Peile Chúige Laighean i 1991, ceithre cinn ar fad, le hAntoine Ó Conghaile. Beidh clúdach ar imeachtaí spóirt an lae againn freisin dár ndóigh!
As well as live coverage of the day’s sporting action, the programme today will include an interview with Galway hurling legend John Connolly, who was on the county’s All-Ireland winning team in 1980. John was also a member of the brilliant Castlegar teams that won six county finals between 1967 and 1980, and of course the Hurling Club Championship too in 1980. He takes a walk down memory lane with Gearóidín Nic an Iomaire today. We’ll also hear Micheál Ó Muircheartaigh, Maidhc Ó Méalóid and Jamie Ó Tuama discuss the championship matches, four in all, played between Dublin and Meath in the Leinster Senior Championship in 1991, with Antoine Ó Conghaile.