Tá Glór na nGael seasca bliain ar an bhfód i mbliana. Ar an gclár inniu déanfar plé ar an eagraíocht, a cuid aidhmeanna agus ar an obair atá ar siúl aici. Beidh painéal cainteoirí i gcuideachta Mháirín Ní Ghadhra, daoine atá bainteach leis an eagraíocht anois, agus daoine eile a bhí ar choistí nó a bhí i measc bhuaiteoirí chomórtais náisiúnta na heagraíochta le blianta anuas. Ina measc siúd a bheas ar an bpainéal, beidh Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, Eoghan Ó Néill, Béal Feirste Thiar, Pádraig Feirtéar, Corca Dhuibhne, agus Seán Ó Domhnaill ó Chomharchumann Mhic Dara ar an gCeathrú Rua.
Today, Máirín Ní Ghadhra brings us a programme looking back and celebrating sixty years of Irish-language organisation Glór na nGael. The programme will look at the organisation’s history, it’s mission and the work they do. Máirín will be joined by a panel of speakers who include the head of the organisation, as well as others who have been involved with committees and winning groups over the years. Panellists will include Lorcán Mac Gabhann, Director of Glór na nGael, Eoghan Ó Néill, West Belfast, Pádraig Feirtéar, Corca Dhuibhne, and Seán Ó Domhnaill from Comharchumann Mhic Dara in An Cheathrú Rua.