Tá Muireann Nic Amhlaoibh ar ais le sraith nua den chlár Malairt Poirt le Muireann gach Satharn. Mar is eol d’éisteoirí na sraithe seo, bíonn an-éagsúlacht sa cheol a bhíonn ag Muireann dúinn gach seachtain ó cheithre hairde an domhain agus baineann sí an-sásamh as an gceol seo a roinnt leis na héisteoirí. I measc an cheoil a bheas aici dúinn anocht ar a céad oíche ar ais sa chathaoir, beidh traic ó Iarla Ó Lionáird, Úna Monaghan agus Kevin Murphy óna gcamchuairt le Music Network le déanaí; beidh ceol nua ó Dháithí, fidléir agus léiritheoir ceol leictreonach ó Cho. an Chláir; beidh Camélia Jordana agus Albin de la Simone aici ón Fhrainc; beidh traic nua aici ó Moxie ó Shligeach; agus ceol ón bhFionlainn, ón Mheánoirthear agus as Albain.
Muireann Nic Amhlaoibh is back with a new series of Malairt Poirt le Muireann every Saturday. File under great eclectic music – a mixture of folk, alternative and experimental music from Ireland and around the world which Muireann loves to share with her listeners. For her first programme tonight, Muireann will bring us a new track from Iarla Ó Lionáird, Úna Monaghan and Kevin Murphy from their recent Music Network tour; she’ll have new music from Co. Clare electronic music producer and fiddle maestro Dáithí; we’ll hear tracks from France from Camélia Jordana and Albin de la Simone; as well as music from Moxie, and tracks from Finland, the Middle East and Scotland.