Seo clár in ómós do Khit Uí Fhlaithearta, pearsa mhór de chuid Chonamara a bhásaigh i mí Iúil 2021. Ba as Clár Chlainne Mhuiris, i gCo. Mhuigheo do Khit ó dhúchas, agus sa gclár seo, a craoladh den chéad uair sa mbliain 2019, roinneann sí a cuid cuimhní cinn le hEibhlín de Bhailís ar a hóige, na blianta fada a chaith sí ag rith tí ósta i gCasla, agus ar an saol a bhí aici ó d’éirigh sí as a cuid cúramaí sa mbliain 2005. Bhí ceangal láidir ag Kit le Raidió na Gaeltachta ó thús aimsire, mar gurb í a dhíol an talamh a bhfuil ceannáras RTÉ Raidió na Gaeltachta tógtha air i gCasla.
On this programme today, we’ll hear an archive recording of an interview Eibhlín de Bhailís did with Kit Uí Fhlaithearta about her life. Kit died in July 2021. Kit was originally from Claremorris, Co. Mayo, but was well-known throughout South Connemara for the long years, 53 in total, she spent running a pub in Doire Né, in Casla, until she sold it in 2005. Kit once owned the land where the RTÉRnaG Headquarters is now situated in Casla. In this programme, she talks about her memories of her youth, the long years she spent running the pub in Casla, and her life since she retired in 2005.