skip to main content

Comóradh an Riadaigh 1991

Seán Ó Riada Image Name: Seán Ó Riada Description: Seán Ó Riada Copyright: RTÉ Archives
Seán Ó Riada Image Name: Seán Ó Riada Description: Seán Ó Riada Copyright: RTÉ Archives
Seán Ó Riada Image Name: Seán Ó Riada Description: Seán Ó Riada Copyright: RTÉ Archives
Seán Ó Riada Image Name: Seán Ó Riada Description: Seán Ó Riada Copyright: RTÉ Stills Library

Sa tsraith chartlainne seo i sceideal an fhómhair, beidh Diarmuidín Ó Súilleabháin agus a chuid aíonna ag caitheamh súil ar ghnéithe éagsúla de shaol agus de shaothar Sheáin Uí Riada, a cailleadh sa bhliain 1971 in aois 41 bliain.  Inniu, cloisfidh muid cur síos ar scolaíocht agus ar ollscolaíocht an Riadaigh, agus ar mar a chuir sé suim sa Ghaeilge, mar a chuaigh sé ó John Reidy go Seán Ó Riada, agus mar a shocraigh sé síos i gCúil Aodha.  Cloisfidh muid Dónall Ó Mathúna, a bhí ar scoil leis, agus Fionbarra Ó Callanáin, a bhí ar an ollscoil leis i gCorcaigh, ag cur síos ar na cuimhní cinn atá acu.  Cloisfidh muid ó Riobard Mac Góráin, Gael Linn, ar mar a bháigh Seán é féin sa ghaelachas, agus beidh Seán Ó Cíobháin ag cur síos ar an tréimhse a chaith an Riadach ag cur faoi i gCorca Dhuibhne.    Déanfaidh an tAthair Donnchadh Ó Conchubhair, sagart cúnta i mBaile Bhúirne ag an am, Mairéad Uí Lionáird agus Dónal Ó Liatháin cíoradh ar mar a chinn sé bogadh go Cúil Aodha, agus mar a shocraigh sé síos ann.

This archive series broadcast as part of the autumn schedule describes the life and work of musician and composer Seán Ó Riada, who died fifty years ago this year.  Today, the programme focuses on Seán’s schooling and university days, as well as how he became interested in the Irish language, changed his name from John Reidy to Seán Ó Riada, and decided to move to Cúil Aodha.  Interviewees will include Dónall Ó Mathúna, who knew him from his schooldays, and Fionbarra Ó Callanáin, who was in UCC with him.  We’ll hear from Riobard Mac Góráin, Gael Linn, about Seán’s interest in the Irish language, and Seán Ó Cíobháin will describe Seán’s time spent in the Corca Dhuibhne Gaeltacht in Kerry.  Finally, we’ll hear about Seán’s move to Cúil Aodha and how he settled in there from Mairéad Uí Lionáird, Dónal Ó Liatháin, and Fr Donnchadh Ó Conchubhair.