Is é fear Cheanada, Neil Young, a bheas le cloisteáil againn ar chlár na seachtaine seo le Seán Ó hÉanaigh. Bhain Neil cáil amach mar amhránaí aonair leis na ceirníní Harvest agus After the Goldrush, agus mar bhall de na grúpaí ceoil BuffaloSpringfield, Crosby Stills NashandYoung (CSNY), chomh maith lena ghrúpa féin Crazy Horse. Mar gheall ar na taifeadtaí ceoil leictreacha a rinne sé leCrazy Horse, baisteadh an t-ainm “Godfather of Grunge” ar Neil Young. Tá cónaí air sna Stáit Aontaithe le fada an lá anois.
Today, Seán Ó hÉanaigh will be focusing on Canadian singer Neil Young. A musical icon to his many followers, his songs range from the mellow classics such as Harvest Moon, Long may you run and Heart of Gold, to the full force grunge music of Rockin’ in the Free World, Hey Hey, My My and Like a Hurricane, he can do it all! We hear all about this life and his music on the show tonight.