Sraith coirmeacha a bheas le cloisteáil againn sa chlár seo, a reáchtáladh mar chuid d’fhéile Consairtín 2021. Ní fhéadfaí an fhéile a réachtáil i mbliana nó anuraidh mar gheall ar na srianta sláinte poiblí, agus mar sin socraíodh go mbeadh féile fhíorúil ann ina áit. Taifeadadh sé choirm cheoil in ionaid ar fud na tíre, le maoiniú ón gComhairle Ealaíon, agus is iad sin a bheas le cloisteáil againn sa chlár nua Camchuairt an Chonsairtín. Inniu, cloisfidh muid muintir na Rinne – Seán agus Caoimhín Ó Fearghail le Macdara Ó Faoláin, mar a chas siad in Ionad Pobail na Rinne. Is í Áine Hensey a chuirfidh an clár i láthair.
In this programme, we’ll hear a series of concerts recorded as part of the virtual Consairtín festival 2021. The festival, which normally takes place in Ennis, couldn’t be held for the last two years due to public health restrictions, so instead a series of virtual events were broadcast, including this series of concerts recorded all over the country, with funding from the Arts Council. Today, we’ll hear talented musicians from An Rinn Gaeltacht in Waterford – Seán and Caoimhín Ó Fearghail, with Macdara Ó Faoláin, recorded in Ionad Pobail na Rinne. Áine Hensey presents.