Inniu beidh bua filíochta na nÁrannach á cheiliúradh ar an gclár. Sna taifid a rinne Bairbre Quinn, cloisfidh muid trí amhrán faoi Bhóthar Gharraí Nua,bóthar áitiúil in Árainn nár críochnaíodh ariamh! Cloisfidh muid John Beag Johnny Ó Dioráin ag rá ceann de na hamhráin, amhrán a chum Éamon Ó Tuathail, agus dhá amhrán ó na filí féin, Matt Neainín Ó Maoláin agus Cóilín Mhicilín Ó hIarnáin. Beidh amhrán freisin ó Johnny Mháirtín Learaí as Leitir Ard i gCarna agus é ina fhear óg. Is í Deirdre Ní Chonghaile a chuirfidh an clár i láthair.
Today, this series based on historic tape recordings made in the Aran Islands and Conamara celebrates the poetry skills of the Aran Islanders, and we’ll hear three songs composed about a road there called Bóthar Gharraí Nua, a road that was never finished! We’ll hear one song, written by Éamon Ó Tuathail, performed by John Beag Johnny Ó Dioráin, and two performed by the writers themselves, Matt Neainín Ó Maoláin and Cóilín Mhicilín Ó hIarnáin. We’ll also hear a song from legendary Conamara sean-nós singer Johnny Mháirtín Learaí as a young man.