An tseachtain seo ar an gclár, ó Luan go Céadaoin, beidh Neansaí Ní Choisdealbha ag féachaint siar ar cheol agus ar amhráin a thaifead Raidió na Gaeltachta siar tríd na blianta ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, coirmeacha agus cláracha beo ón Ródaí san áireamh. Beidh Neansaí ag déanamh ceiliúradh ar laoch an tsean-nóis, Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, freisin agus ócáid speisialta, ar-líne, ar siúl dó ag Féile na bliana seo. Beidh ceol aici dúinn ó leithéidí Joe Burke, Tommy Peoples, Bobby Gardiner, John agus James Kelly, Allan Domhnallach, Muintir Mulcahy, Eamon agus Geraldine Cotter, Charlie Harris, Junior Crehan, Vincent Griffin, agus ar ndóigh na píobairí, ina measc Tommy Keane, Ronan Browne, Leo Rickard, Máire Ní Ghráda agus go leor eile.
All this week on the show, from Monday to Wednesday, Neansaí Ní Choisdeabha will be bringing us some of the best music from over the years at the Scoil Samhraidh Willie Clancy festival, as well as paying special homage to sean-nós legend Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha. We’ll hear music from the likes of Joe Burke, Tommy Peoples, Bobby Gardiner, John and James Kelly, Allan Domhnallach, the Mulcahys, Eamon and Geraldine Cotter, Charlie Harris, Junior Crehan, Vincent Griffin, not forgetting the pipers, Tommy Keane, Ronan Browne, Leo Rickard, Máire Ní Ghráda and more. RTÉ