Inniu, sa tríú clár sa tsraith stairiúil seo bunaithe ar thaifid a rinne Bairbe Quinn in Árainn agus i gConamara, cloisfimid amhránaithe as Cill Éinne in Árainn, an file Antaine Ó Briain ag rá ‘Amhrán an Gháis’ agus a mhac Joe ag rá ‘Amhrán an Hero’. Ba mhúinteoir scoile í Bairbre ar feadh scaithimh i Leitir Mealláin agus i Rosmuc ag deireadh na gcaogaidí agus tús na seascaidí. Bhí cairde go leor aici i gConamara, agus beidh míreanna ó Cheantar na nOileán le cloisteáil againn ar an gclár inniu freisin. Sna taifid sa tsraith seo,cloistear oileánaigh agus cuairteoirí, sean agus óg, filí agus gasúir scoile, agus caint nádúrtha na ndaoine. Is í Deirdre Ní Chonghaile a chuirfidh an clár i láthair.
Today, we’ll hear the third programme in this historic series based on a collection of tape recordings made by Bairbre Quinn in the Aran Islands and Connemara from the end of the fifties to the seventies. Tune in for singers from Cill Éinne in Inis Mór, poet Antaine Ó Briain sings ‘Amhrán an Gháis’ for us and his son Joe sings ‘Amhrán an Hero’. Bairbre spent some time as a teacher in Leitir Mealláin and Rosmuc at the end of the fifties and the early sixties and had many friends in the area and today’s programme will also include recordings from the Ceantar na nOileán region of Connemara. Deirdre Ní Chonghaile presents the series.