Sa tsraith seo, tugann Séamus Ó Scanláin cuireadh dúinn seal a chaitheamh i measc Ghaeilgeoirí óga na linne seo agus iad ag cur cúrsaí an tsaoil trína chéile. Cloisfear glórtha na Gaeltachta agus na Galltachta – ó earnáil na Gaeilge, na craoltóireachta agus na n-ealaíon, chomh maith le glórtha aitheanta sa spórt agus sa bhfeiliméireacht, sa tsraith. Inniu, sa chéad chlár, is í Evelyn Ní Ghriallais a bheidh faoi agallamh ag Séamus. Is as Cill Bhriocáin i Ros Muc, Conamara, d’Evelyn. Is mac léinn altrachta í, agus anailísí spóirt sa rásaíocht capall. Tá sí an-mhórtasach as a ceantar dúchais, ceantar ar tháinig pearsain mhóra spóirt, polaitíochta agus litríochta as san am a caitheadh.
In this new summer series Séamus Ó Scanláin speaks to young Irish speakers from across the country, from both Gaeltacht and non-Gaeltacht areas, about their views on life. We’ll hear a variety of voices and opinions from young people in the Irish language field, broadcasting and the arts, as well as well-known voices from sport and farming, in the series. Today, Séamus is joined by Evelyn Ní Ghriallais, a young nursing student and horse racing analyst from Cill Bhriocáin in Ros Muc, Co. Galway. Evelyn is very proud of her heritage, and the area where she comes from has produced major sporting, political and literary figures.