skip to main content

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Máirín Ní Ghadhra Image Name: Máirín Ní Ghadhra Description: Máirín Ní Ghadhra Copyright: Seán Ó Mainnín
Máirín Ní Ghadhra Image Name: Máirín Ní Ghadhra Description: Máirín Ní Ghadhra Copyright: Seán Ó Mainnín
Póilín Ní Chiaráin Image Name: Póilín Ní Chiaráin Description: Póilín Ní Chiaráin Copyright: Comhar agus Foras na Gaeilge
Cathal Seoighe Image Name: Cathal Seoighe Description: Cathal Seoighe
Eoghan Ó Neachtain Image Name: Eoghan Ó Neachtain Description: Eoghan Ó Neachtain Copyright: Chris Bellew / Copyright Fennell Photography 2015

Inniu ar an gclár, cloisfimid plé painéil ó chomhdháil ar líne a d’eagraigh Media Literacy Ireland i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta  le déanaí mar chuid den bhfeachtas ‘Bíodh tuiscint agat ar na meáin’.  Bhí an ócáid dírithe ar théama na bréagnuachta agus fáisnéis míchruinn i bhfianaise COVID-19 agus an feachtas le vacsaín a dháileadh.  Is ábhar é seo atá go mór i gceist le roinnt blianta anuas, go háirithe leis an bhfás atá tagtha ar na meáin shóisialta agus na háiseanna nuachta ar líne.  Pléifidh Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir, Eoghan Ó Neachtain, Stiúrthóir Caidrimh Poiblí leis an gcomhlacht Heneghan PR,  An tOllamh Cathal Seoighe, Ollamh le Bithfháisnéis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus an Dr Mairéad Nic Giolla Mhíchíl ó Ollscoil Chathair BÁC,  an t-ábhar go mion – cad as a dtagann an t-eolas míchruinn, cé atá á scaipeadh, cén aidhm atá acu, agus na bealaí is fearr lena bhréagnú.

Today on the programme, we’ll hear a panel discussion recorded at a webinar organised by Media Literacy Ireland, together with RTÉ Raidió na Gaeltachta, on the theme of fake news and misinformation, particularly in ligh of the COVID-19 pandemic and the vaccine rollout.  The event was developed in support of the Be Media Smart campaign.  This is a topic which has been in the spotlight for a number of years now, particularly since the huge growth in the use of social media and online news sites.  Journalist Póilín Ní Chiaráin, Eoghan Ó Neachtain, Director of Public Affairs at Heneghan PR, Professor Cathal Seoighe, Professor of Bioinformatics in NUIG, and Dr Mairéad Nic Giolla Mhíchíl from DCU, will discuss the subject at length, touching on the source of this misinformation, who is spreading it, what their aim is, and the ways to tackle the problem.