An tseachtain seo ar an gclár seo cloisimid mar gheall ar an bhféile nua drámaíochta Scríobh, atá á eagrú ag Axis Baile Munna. Is ar bhonn digiteach a reáchtálfar i mbliana é, agus beidh meascán de léamha ó shaothair nua atá idir láimhe, agus cainteanna mar gheall ar ghnéithe de dhrámaíocht na Gaeilge. Labhrann Aifric Ní Ruairc, duine den lucht eagraithe, agus an drámadóir Alison Martin le Tristan Rosenstock inniu faoin ócáid.
This week, we hear about a new Irish-language theatre festival called Scríobh, which is hosted by Axis Ballymun. Combining a selection of readings from works-in-progress, as well as discussions on Irish-language theatre, this digital gathering provided a useful platform for the Irish-language theatre sector. Talking to Tristan Rosenstock today will be organiser Aifric Ní Ruairc, and writer Alison Martin.