Sruth na Maoile

Seán Ó hÉanaigh and Mairi Anna Nic Ualraig Image Name: Seán Ó hÉanaigh and Mairi Anna Nic Ualraig Description: Seán Ó hÉanaigh and Mairi Anna Nic Ualraig Copyright: Seán Purser
Seán Ó hÉanaigh and Mairi Anna Nic Ualraig Image Name: Seán Ó hÉanaigh and Mairi Anna Nic Ualraig Description: Seán Ó hÉanaigh and Mairi Anna Nic Ualraig Copyright: Seán Purcer
Mairi Anna Nic Ualraig & Seán Ó hÉanaigh Image Name: Mairi Anna Nic Ualraig & Seán Ó hÉanaigh Description: Mairi Anna Nic Ualraig & Seán Ó hÉanaigh Copyright: Seán Purser

Cuirfear tús inniu le sraith nua den chlár, comhchraoladh le BBC Radio nan Gàidheal, agus is iad Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig a bheidh sa chathaoir.  Taifeadadh an tsraith nua seo le cuidiú ó Zoom agus na láithreoirí na mílte óna chéile – Seán Ó hÉanaigh i gCasla i gConamara, agus Mairi Anna Nic Ualraig in Ardgour na hAlban.  Tugann an clár ardán do cheoltóirí agus d’amhránaithe atá ag plé leis an traidisiún, nó atá ag cumadh ceol comhaimseartha atá fréamhaithe sa traidisiún.  Bronnadh an duais don Chlár Ceoil Raidió is fearr ag Féile na Meán Ceilteach 2020 ar an gclár seo don choirm mhór cheiliúrtha 25 bliain a bhí acu.  Ar an gceol a bheas le cloisteáil inniu sa chéad chlár sa tsraith, beidh Rachel Newton, Treasa Ní Mhiolláin, Rura, Eoin Ó Ceannabháin & Ultan O’Brien, Glenfinnan Cèilidh Band, Rura, Cruinne-Cè, agus neart eile. 

A new series of the award-winning Scottish-Irish music programme Sruth na Maoile starts today, a co-production with BBC nan Gàidheal presented by Seán Ó hÉanaigh and Mairi Anna Nic Ualraig.  The series brings together the best in traditional and folk music from the two sides of the Straits of Moyle, and on this occasion was recorded while the presenters were miles apart, Seán in Connemara and Mairi Anna in Ardgour, Scotland.  The programme  was winner of the 2020 Celtic Media Festival Torc award for Best Radio Music programme.  Tune in today to hear music from Rachel Newton, Treasa Ní Mhiolláin, Rura, Eoin Ó Ceannabháin & Ultan O’Brien, Glenfinnan Cèilidh Band, Rura, Cruinne-Cè, and more.