Fógrófar buaiteoirí dhuaiseanna Ghlór na nGael ar an gclár inniu. Tá Glór na nGael 60 bliain ar an bhfód i mbliana, agus bíonn siad ag obair i bhforbairt pobail, fiontraíocht trí Ghaeilge agus an Ghaeilge sa teaghlach. Is í an aidhm atá ag comórtas Ghlór na nGael úsáid na Gaeilge a spreagadh i bpobail ar fud an oileáin. Bunaíodh an eagraíocht sa bhliain 1961, agus bhí duaischiste £1000 i gceist an chéad bhliain, airgead mór ag an am. Anois tá duaischiste suas le €80,000 i gceist agus 35 duais in iomlán sa chomórtas i réimsí áirithe, ina measc an óige, an teaghlach, oideachas, gnó, An Ghaeltacht agus oidhreacht. Is í Fionnuala Uí Neachtain a chuirfidh an clár i láthair, agus cloisfidh muid cé chucu a bheidh na duaiseanna ag dul i mbliana.
The winners of the annual Glór na nGael competitions will be announced on the programme today. Glór na nGael is celebrating 60 years this year, and they work in community development, enterprise through Irish and Irish in the home. Their competition aims to encourage and promote the use of Irish in communities throughout the island of Ireland. Established in 1961, the prize fund offered in the first year was £1000, a huge sum at that time. That has now grown to €80,000 with 35 prizes in various different categories including young people, the family, education, business, The Gaeltacht and heritage. We’ll learn who the lucky winners are on the programme today, presented by Fionnuala Uí Neachtain.