Le linn míonna an tsamhraidh seo caite bhuail Damien Ó Dónaill le hUinseann Ó Domhnaill. Bhuail an galar Néarón Luadrach é i 2019 agus i ndiaidh do roinnt ama a chaitheamh ag dochtúirí, insíodh do nach raibh fágtha aige ach trí bliana ar an tsaol seo. D’inis Uinseann scéal a shaoil do Damien. Tá saol gnóthach caite aige ó rugadh é i dTóin an Bhaile, Rann na Feirste sa bhliain 1945.
Last summer, Damien Ó Dónaill called to Uinseann Ó Domhnaill from Rann na Feirste to interview him about his life. Uinseann became unwell in 2019, and after many doctors’ visits he was diagnosed with Motor Neurone Disease and told he had just three years left to live. He tells his story to Damien in this programme today.