Mar chuid d’imeachtaí Bhliain an Chadhnaigh 2020 agus comóradh á dhéanamh ar an gCadhnach a bhásaigh caoga bliain ó shin i 1970, craolfar an leagan drámatúil seo dá úrscéal cáiliúil Cré na Cille, a chóirigh Johnny Chóil Mhaidhc don raidió agus a craoladh i dtosach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1973, gach Luan agus Máirt as seo go deireadh na bliana.
As part of the commemorations of the fiftieth anniversary of Máirtín Ó Cadhain’s death this year, RTÉ Raidió na Gaeltachta will broadcast this dramatic interpretation of his renowned novel Cré na Cille each Monday and Tuesday until the end of the year. This version was arranged by Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha.