Sa chlár inniu, tabharfar ómós do dhuine de Ghaeil mhóra ár linne, Breandán Ó hEithir, a bhásaigh cothrom an lae seo deich mbliana fichead ó shin, ar 26 Deireadh Fómhair 1990, agus é trí scór bliain d’aois. Ba as Inis Mór, Árainn, do Ó hEithir, fear a bhain cáil amach mar chraoltóir raidió agus teilifíse, mar údar agus mar iriseoir gairmiúil, agus mar thráchtaire den chéad scoth ó na caogaidí ar aghaidh. Bhíodh sé le cloisteáil go mion minic ar Raidió na Gaeltachta thar na blianta agus bhí an-tóir agus meas ag éisteoirí an stáisiúin air. Chaith sé tamall ina cheannasaí sealadach ar an stáisiún raidió i 1973. Sa chlár seo inniu, téann Eibhlín de Bhailís ag tochailt i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta le blaiseadh a fháil de na cláracha ar ghlac sé páirt iontu thar na blianta.
The programme today pays tribute to Breandán Ó hEithir, who died on this day thirty years ago at the age of sixty. From Inis Mór in the Aran Islands, Ó hEithir was well-known as a radio and TV broadcaster, as a writer and journalist, and as a superb commentator from the fifties on. He was often to be heard on Raidió na Gaeltachta over the years, and was a much sought after and respected contributor. He spent a short time as temporary head of service of the station in 1973. In the programme today, Eibhlín de Bhailís delves into the RTÉ Raidió na Gaeltachta archives to bring us a selection of some of the programmes he took part in.