skip to main content

Lá na Cáinaisnéise

Gormfhlaith Ní Thuairisg Image Name: Gormfhlaith Ní Thuairisg Description: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Gormfhlaith Ní Thuairisg Image Name: Gormfhlaith Ní Thuairisg Description: Gormfhlaith Ní Thuairisg
Gormfhlaith Ní Thuairisg Image Name: Gormfhlaith Ní Thuairisg Description: Gormfhlaith Ní Thuairisg

Inniu, fógróidh an tAire Airgeadais Paschal Donohoe Cáinaisnéis na bliana 2021 agus ar an gclár seo inniu, déanfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg agus painéal saineolaithe an cháinaisnéis a chíoradh go mion.  Déanfar plé ar na cinnithe atá déanta ag an rialtas, na fáthanna a bhaineann leo, agus na himpleachtaí don phobal agus d’earnáil éagsúla.  Orthu siúd a bheas ar an bpainéal, beidh an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin agus an comhairleoir cánach Ciarán Ó Feinneadha.  Beidh na hiriseoirí Máirín Ní Ghadhra agus Fachtna Ó Drisceoil freisin páirteach sa phlé, agus cloisfidh muid ó pholaiteoirí ó na páirtithe éagsúla faoina ndearcadh siúd ar an méid a fhógrófar inniu. 

Gormfhlaith Ní Thuairisg will present live coverage and analysis of Budget 2021 to be announced by Minister for Finance Paschal Donohoe today. Panelists including finance expert Conall Ó Móráin and tax consultant Ciarán Ó Feinneadha, together with journalists Fachtna Ó Drisceoil and Máirín Ní Ghadhra, will analyse the implications and likely political fallout of the decisions announced today, and we’ll hear reaction from public representatives from across the political spectrum as well.