skip to main content

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Dáithí de Mórdha Image Name: Dáithí de Mórdha Description: Dáithí de Mórdha
Baile an Ghleanna, Dún Chaoin Image Name: Baile an Ghleanna, Dún Chaoin Description: Baile an Ghleanna, Dún Chaoin Copyright: Cnuasach Bhéaloideas Éireann
Micil Ó Catháin Image Name: Micil Ó Catháin Description: Micil Ó Catháin

Beidh sraith nua den chlár seo ag Dáithí de Mórdha dúinn mar chuid de sceideal an fhómhair, agus beidh scéalta agus seanchas, amhráin agus ceol, stair agus sochaí na Gaeltachta le cloisteáil ar an gclár.   Is eitneolaí é Dáithí, a rinne staidéar dochtúireachta ar an gcaidreamh a bhí ag pobail na Gaeltachta leis an tseirbhís raidió, agus tá an-áthas air a bheith i mbun an chláir.  I measc na gcainteoirí a bheas le cloisteáil againn inniu sa chéad chlár sa tsraith, beidh Micil Ó Catháin ó Bhaile an Ghleanna, Dún Chaoin. Cloisfidh muid é ag cur síos ar an seanabhaile agus ar mar a mhair na daoine sna bailte beaga, cloisfidh muid faoi na laethanta scoile, agus beidh amhráin le cloisteáil ann freisin.   

Dáithí de Mórdha will be presenting a new series of this popular archive programme in the autumn schedule.  The programme will bring us material from the RTÉRnaG Munster archives, including stories and folklore, songs and music, information about history and community.  Dáithí is an ethnologist, who completed a doctorate on the connection between the radio service and the community, and he’s really looking forward to bringing us this new series.  Today, in the first programme, the interviewees will include Micil Ó Catháin from Baile an Ghleanna in Dún Chaoin.  He will describe the townland, and people’s everyday lives both good and bad, schooldays, and we’ll hear some songs too.