skip to main content

Glórtha an Údaráis

Cathy Ní Ghoill Image Name: Cathy Ní Ghoill Description: Cathy Ní Ghoill Copyright: Seán Ó Mainnín

Tá cuid mhaith d’oileáin na tíre sa nGaeltacht agus i 1999 ainmníodh oileánach ar bhord an Údaráis den chéad uair.  Bhí Cathy Ní Ghoill, bainisteoir Chomharchumann Forbartha Árann, ina Cathaoirleach ar Chomhdháil Oileáin na hÉireann ag an am, agus is í a fuair an t-ainmniúchán.  Sa gclár seo inniu, míníonn Cathy do Mháirín Ní Ghadhra an tábhacht, dar léi, go mbeadh aird ar leith ar riachtanaisí na n-oileán, agus tábhacht na gcomharchumann in obair forbartha pobail.  Seo sraith faoi Údarás na Gaeltachta agus an eagraíocht sin ag comóradh 40 bliain a bunaithe i mbliana.


Many of the islands off the Irish coast are part of the Gaeltacht, and in 1999 Cathy Ní Ghoill became the first islander to be appointed to the board of Údarás na Gaeltachta.  Cathy was the manager of the Aran Islands development Co-op, Comharchumann Forbartha Árann, and chairperson of the Irish Islands Federation, at the time.  She talks to Máirín Ní Ghadhra today about the importance of recognising the unique needs of the island communities, and the vital role of the co-ops in community development work.  This series looks at the history and the future of Údarás na Gaeltachta as part of that organisation’s forty year celebrations.